← Séard a bhí ann nathair den chineál a dtugtar boa uirthi agus ainmhí á shlogadh aici. 🔊✎
← Ina dhiaidh sin ní féidir leo bogadh agus caitheann siad sé mhí ina gcodladh agus í á díleá acu." 🔊✎
← Chuir sin ag machnamh mé ar na heachtraí a tharlaíonn sa dufair agus d'éirigh liomsa chomh maith mo chéad phictiúr a tharraingt, le pionsail daite. 🔊✎
← Seo mar a bhí sé: Thaispeáin mé an sárshaothar seo liom do na daoine móra agus d'fhiafraigh mé díbh ar chuir mo phictiúr eagla orthu. 🔊
← Pictiúr ab ea é de nathair boa agus eilifint á díleá aici. 🔊✎
← Seo mar a bhí mo phictiúr uimhir a dó: Dúirt na daoine móra na pictiúir de nathracha boa, ar oscailt nó dúnta, a fhágáil i leataobh, agus luí isteach ina áit sin le mo cheachtanna tíreolais, stair, uimhríochta agus gramadaí. 🔊
← Sin mar a tharla gur thug mé suas do shaol breá péintéara, agus gan mé ach sé bliana d'aois. 🔊✎
← Chuir sé beaguchtach orm an chaoi ar theip ar mo phictiúr uimhir a haon agus mo phictiúr uimhir a dó. 🔊✎
← Ní thuigeann na daoine móra rud ar bith uathu féin in am ar bith, agus tá sé tuirsiúil agus páistí bheith i gcónaí ag míniú rudaí dóibh. 🔊✎
← Mar sin, bhí orm ceird eile a tharraingt orm féin agus d'fhghlaim mé le bheith i mo phíolóta eitleáin. 🔊✎
← Agus ceart go leor, ba mhór an cuidiú dom an tíreolas. 🔊✎
← Chonaic mé iad agus mé i ngar dóibh. 🔊✎
← Labhair mé leis fá dtaobh de bheiriste, de ghalf, de pholaitíocht agus de charbhait. 🔊✎
← Agus bhíodh an duine mór sin thar a bheith sásta gur chas sé le duine chomh ciallmhar liom féin. 🔊✎
← Agus ó tharla nach raibh meicneoir liom, ná paisinéirí, thug mé faoin rud a chóiriú arm o chonlán féin, cé go raibh sé deacair. 🔊✎
← Is ar éigean a bhí a oiread uisce agam agus a choinneodh ag ól mé go ceann ocht lá. 🔊✎
← Bhí é chomh scartha amach le duine ar briseadh a long agus é ar rafta i lár na farraige móire. 🔊✎
← Agus chonaic mé firín beag saoithiúil amach agus amach agus é ag amharc orm go stuama. 🔊✎
← Chuir na daoine móra beaguchtach orm maidir le bheith i mo phéintéir, nuair a bhí mé sé bliana d'aois, agus níor fhoghlaim mé le haon rud a líniú, seachas boanna dúnta agus boanna oscailte. 🔊✎
← Mar sin, d'amharc mé ar an bhfís seo romham agus mo dhá shúil ar bior le hiontas. 🔊✎
← Agus ar seisean liom arís, go bog íseal, mar a bheadh sé an-dáiríre faoin rud: 🔊✎
← Cuma cé chomh hamaideach agus a bhí sé, dar liom míle míle ar shiúl ó aon chónaí daoine agus mé i mbaol báis, tharraing mé amach as mo phóca duille pháipéir agus peann easa. 🔊✎
← Ach ansin chuimhnigh mé gurb iad na rudaí is mó a bhí foghlamtha agam tíreolas, stair, uimhríocht agus gramadach agus dúirt mé leis an bhfirín beag (agus beagán drochspionn orm) nach raibh mé in ann líníocht a dhéanamh. 🔊✎
← Agus bhí mo sháith iontais orm nuair a thug an firín seo de fhreagra orm: oo Ní hea! 🔊
← Bíonn boa an-dainséarach agus tá an eilifint an-amscaí. 🔊✎
← D'amharc sé go cúramach orm, agus ansin: 🔊✎
← Ag an phointe sin, agus mé i ndeireadh na foighde, mar bhí deifir orm chun m'inneall a bhaint dá chéile, bhreac mé síos an pictiúr seo: 🔊✎